Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 254

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 254

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 254
  3. XML “Scéal i dtaobh Duine a Fuair Bás i Sasana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal i dtaobh duine a fuair bás i Sasana
    Bhí aithne agam ar an bhfear san mar do chómhnuigh sé i mBunán suas le triochad blian sara ndeaghaidh sé go Sasana. Bhris a shláinte air agus nuair a fuair sé bás chuir a dhriotháir timthireacht chun a mháthar a bhí ina chómhnuidhe i mBunán. Bhí aithne agam uirthí leis.
    Oidhche an tórraimh bhí súil aca go dtagadh a máthair agus bhíodar ag feitheamh léi chun teacht. I lár na hoidhche d'airigheadar cárr cliathánach nú carráiste ag teacht go doras an tighe. Stopadh na capaill agus nuair d'airigh muinntir an tighe an fothrom amuigh chuadar chun an dorais d'oscailt agus a máthair a thionnlacan isteach, ach ní raibh cárr, nú capall ann nuair [a] d'fhéach siad amach.
    Dhúnadar an doras airís agus annsan d'airigheadar an ceol ba bhreághtha dár [h]airigheadh riamh agus é le clos ins gach seomra. Lean an ceol san suas le uair a chluig. An fear gur innis an sgéal dom tá sé ina bheathaidh fós agus fear fíormhacánta ins gach slighe é leis.
    Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Cill an Bhunáin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill an Bhunáin, Co. Chiarraí