Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 251
  3. XML “Scéalta mar Gheall ar na Daoine Maithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéalta mar gheall ar an "daoine maithe"
    Bhí fear ina chómhnuidhe i mBunán suas le fiche blian ó shoin. Bhí aithne agam air. Bhí sé pósta agus aon oidhche [amháin] timcheall a seacht a chlog san nGeimhreadh b'éigean dó dul ag iarraidh an dochtúra go Neidín mar bhí a bhean breoite. Chuaidh sé ann ag rothaidheacht agu ina aonar leis, agus pé rud a thuit amach, thuit sé dá rothar agus is deallrathach gur thuit sé ar chloich a bhí ar imeall an bhóthair agus gortuigheadh go mór é. Ach pé sgéal é d'aimsigh sé an dochtúir amach agus bhuail an fear bocht chun an bhóthair airís. D'éirigh go maith leis ar feadh tamaill acht cúpla míle ar an dtaobh amuigh den mbaile thuit sé airís ina laige is dóigh le gach éinne agus nuair ná raibh sé ag teacht chuadar -na cómharsain- ina choinnibh agus fuaireadar ar leath-taoibh an bhóthair é agus leathmharbh dar leo.
    Cuireadh isteach i dtrucaill é agus nuair d'fhéach an fear a bhí ghá thionnlacan sa bhaile ar an dtaobh thiar de chonnaic sé solus breágh ag teacht ina ndiaidh. Lean an solus i ndiaidh na trucailleach go dtánadar i ngriorracht míle ón dtigh nuair do ghlan sé as radharc ar fad. Ba ghairid go bhfuair an fear bás.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. Chiarraí