Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “Léim an tSagairt”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Léim an tSagairt
    Tá an cnoc sin lámh le Gaortha na gColl i mBunán nú idir í agus Beanntraighe agus sé an fáth gur cuireadh an ainm seo air mar do léim sagart ó bharr an chnuic sin go Beanntraighe agus na saighdiúirí Sasanach ar a thóir. Ar lic ar thaobh an bhóthair míle nó mar sin taobh amuigh den mbaile do thúirling an capall agus tá rian crúb an chapaill le feiscint ar an gcloich fós. Deirtear gur clúduigheadh go minic an leac chéadna acht tá sí ann fé láthair chomh soiléar is do bhhí sí nuair do chuir an sagart a chos uirthi an chéad lá riamh.
    Tá carn chloch ar bharr an chnuic sin i gcuimhne ar dhuine a maruigheadh ann fadó agus sé seo an sgéal d'airigheas mar gheall air: -
    In aimsir na bpéindlighthe nuair a bhíodh ar na feirmeoirí ar fuid na tíre cíos trom do íoc do na tíghearnaidhe talmhan bhí tíghearna mí-thrócaireach ina chómhnuidhe i dTiobraid Árann agus do chaith sé a lán daoine as seilbh amach ar thaobh an bhóthair agus bhí an oiread de shaighdiúirí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Léim an tSagairt, Co. Chiarraí / Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Cúrnáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    77
    Seoladh
    Éirnín, Co. Chiarraí