School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0576
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gearrachaile timcheall dhá bhlian déag d'aois a bead Máire 'N Leasa, inghean feilmeóra go raibh cuid mhaith ba aige n-a hathair. "Máire 'N Leasa" a tugtaoi uirthi. Ní raibh aon inghean eile aige ach í féin. Bhí sé an tugtha dí mar ní raibh aige ach í. Bhí sí a' dul ar scoil agus bhí uirthi dul thar doras a' leasa gach haon lá. Bhí an lios seo ar thaobh an chasáin.
Ceann dos na laethe tháinig bainrioghán a' leasa roimpi ag dorus a' leasa is do ghlaoidh sí isteach ar an ngearrachaile. Thug sí isteach í is do thug sí rudaí deasa dí is chuir sí a' luasgadh an chliabáin i. Bhíodh sí ghá mealladh is ag tabhairt rudaí deasa dí go dtháinigh na scolaire abhaile. Scaoil sí abhaile ansan í agus dubhairt sí léithi gan é innsint do aoinne agus a theacht arís amáireach. D'imthigh Máire abhaile is níor innis sí aon fhocal mar gheall air.
An dara lá chuaidh sí ar scoill arís agus bhí bean a' leasa roimpi agus do thug sí isteach í fe mar rinne sí an céad lá. Bhí sí a luasgadh an chliabháin dóibh. Bhí an scéal mar sin ar feadh roinnt laetheannta, agus annsin bhuail máistir na scoile le n-a h-athair agus d'fiafruighe sé do ce'n fáth nach raibh Máire ar scoil nó cé bhí(continues on next page)- Collector
- Caitlín Níc Énrí
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Énrí
- Gender
- Male