School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0526
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear 'n- a chómhnuidhe i gCo. Shlighigh uair amhán. Bhí dhá bhó is mórán caorach aige. Bhí slataire ar bhuachaill do dhriotháir in éinfeacht leis. Maidin amháin d'éirigh sé amach, bhí ceó trom ar na cnuic, chonnaic sé na caora ag rith, agus dob ait leis é. Ceard a bhí ag cur sa t-siúl mar ní raibh an madra amuigh ná aon rud chun iad a cur sa t-siúl mar sin. Is gairid no gur bhuail an capall anoir chuige agus marcach in áirde air, agus caipin dearg an an marcach.
Do chuir sin an iongantas air, ní nach ionghnadh. Is gairid no go dtáinig sé níos giorra dó, is cuaidh sé go dtí an tobar agus d'ól sé deoch uisge as, ansin bhailigh sé leis isteach san bhfairrge agus ní fhaca an fear aon radharc as sin amach air. Naoí seachtmhaine in a dhiaidh sin cailleadh an slataire dhriothár.- Collector
- Máire S. Níc Dhuarcáin
- Gender
- Female
- Informant
- Mike Biddy
- Gender
- Male