Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0576

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0576

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0576
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Gearrachaile timcheall dhá bhlian déag d'aois a bead Máire 'N Leasa, inghean feilmeóra go raibh cuid mhaith ba aige n-a hathair. "Máire 'N Leasa" a tugtaoi uirthi. Ní raibh aon inghean eile aige ach í féin. Bhí sé an tugtha dí mar ní raibh aige ach í. Bhí sí a' dul ar scoil agus bhí uirthi dul thar doras a' leasa gach haon lá. Bhí an lios seo ar thaobh an chasáin.
    Ceann dos na laethe tháinig bainrioghán a' leasa roimpi ag dorus a' leasa is do ghlaoidh sí isteach ar an ngearrachaile. Thug sí isteach í is do thug sí rudaí deasa dí is chuir sí a' luasgadh an chliabáin i. Bhíodh sí ghá mealladh is ag tabhairt rudaí deasa dí go dtháinigh na scolaire abhaile. Scaoil sí abhaile ansan í agus dubhairt sí léithi gan é innsint do aoinne agus a theacht arís amáireach. D'imthigh Máire abhaile is níor innis sí aon fhocal mar gheall air.
    An dara lá chuaidh sí ar scoill arís agus bhí bean a' leasa roimpi agus do thug sí isteach í fe mar rinne sí an céad lá. Bhí sí a luasgadh an chliabháin dóibh. Bhí an scéal mar sin ar feadh roinnt laetheannta, agus annsin bhuail máistir na scoile le n-a h-athair agus d'fiafruighe sé do ce'n fáth nach raibh Máire ar scoil nó cé bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Níc Énrí
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Énrí
    Inscne
    Fireann