School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0568
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr cailín ann fad ó shoin i mbaile an Churraigh. Tháinic Oidhche Shamhna agus shocruigheadar go ndéanfadh siad cleas. Rinne siad sin. D’imthigh an triúr agus fuair trí buicéidhibh uisge as teorannta trí bailte. Thug siad leó abhaile iad go teach cailín aca seo agus chuir siad an t-uisge i gcuideacht a chéile i dtubán agus nigheadar a gcuid léinteach ann i n-ainm an Aidhbheirseóra is chuireadar ar thrí chúl cathaoireach dá dtriomú iad. D’fhágadar tábla bídh agus dighe réidh i lár na cistinnighe fá choinne an té a thiocfadh isteach a shuipear a dhéanamh. Chuaidh an triúr aca ’na luighe annsin i leabaidh na cistinnighe. Bhí bean amháin aca ag congbháilt a súl amach go bhfeicfeadh sí cé a thiocfadh. Tháinic buachaill amháin isteach sa meadhon oidhche agus thionntuigh sé taobh léine an chailín a bhí dúisighthe chuig an teinidh. Shuidh sé ag an mbord agus d’ith sé a dhothain. Cén uair nó cé’n t-am a raibh siad ag fághail réidh an(continues on next page)
- Collector
- Éibhlín Ní Flannabhra
- Gender
- Female