School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- Curry, Co. Sligo
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0543
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill ann fadó agus bhí sé an-thinn ar fad. Oidhche amháin bhí na comharsan istigh ag tabhairt aire dó mar síleadar go gcaillfidhe an oidhche sin é, mar bhí sé an lag ar fad. Shín sé siar sa leabaidh agus cheapadar go raibh sé caillte ar fad. Timcheall uair a chluig no mar sin in a dhiaidh sin chuir sé sgearta - reacht - mór gáire as.
Dubhairt cuid de na daoine gur ins na sideógaibh a bhí sé, agus do comhrluigheadar don máthair iarraidh air, ar maidin cé’n fáth a bhí sé ag gáire an oidhche sin. Lá ar na bhárach d’fhiafruigh an máthair dhe cé’n fáth a bhí sé ag gáire agus dubhairt sé léi go raibh Seán Ó Dubhtaigh ag teacht abhaile ó’n siopa agus canna ar mullach a chinn aige, agus gur togadh an canna dá cheann agus gur buaileadh ar a bhéal faoi é ar an mbóthar agus sin é an fáth a bhí leis an ngáire.
Níor mhair an buachaill i bhfad na dhiaidh. Cailleadh é agus lá an t-socraid do chonnaiceas Seán Ó Dubhthaigh agus d’fhiafruigh duine éigin de an bhfíor an sgéal é - ag innsint an sgéal dó. Dubhairt(continues on next page)- Collector
- Máire S. Níc Dhuarcháin
- Gender
- Female
- Informant
- Jim Paddy
- Gender
- Male