School: Curry (C.) (roll number 12067)

Location:
Curry, Co. Sligo
Teacher:
Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0555

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0170, Page 0555

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curry (C.)
  2. XML Page 0555
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Tadhg Ruaidh ag caint le captaen fairrge uair amháin agus d’fhiafruigh sé do Thadhg cad é an t-iongantas is mó chonnaic sé. Dubhairt Tadhg nár bhfacha sé aon iongantas. Dubhairt an captaen le Tadhg go raibh sé féin ag teacht ar an bhfairrge, oidhche breágh, agus gur bhuall chúcha giorria ar an bhfairrge agus léim sé isteach cúcha dó’n iarracht sin. Chuaidh sé síos ’ó’n chábán. Ní fada ’na dhiaidh gur bhuail chúcha na gadhair agus na capaill ag dul ar thuairisc a’ ghiorria. D’fhiafruigh duine do lucht na gcapall do chaptaen an bhfaca sé aon giorria ag gabháil an treo. Dubhairt captaen nár bhfacha. As go bráth leo annsin ar thóir an ghiorria agus go aon ghlam agus na madraí. Stad na madraí mar ní fhuaireadar bolaith an ghiorria. Chasadar ar an gcaptaen arís. Labhair an fear arís agus dubhairt sé nach bhfeadfadh gan an ghiorria bheith ar bord aige agus dubhairt captaen nach raibh agus dubhairt seisean go raibh agus é do chur chuige go tapaidh. Chuadar síos agus h-eagla roimh fear an chapaill, chuireadar aníos
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Giollaruaidh
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraig Ruadh
    Gender
    Male