Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0555
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Tadhg Ruaidh ag caint le captaen fairrge uair amháin agus d’fhiafruigh sé do Thadhg cad é an t-iongantas is mó chonnaic sé. Dubhairt Tadhg nár bhfacha sé aon iongantas. Dubhairt an captaen le Tadhg go raibh sé féin ag teacht ar an bhfairrge, oidhche breágh, agus gur bhuall chúcha giorria ar an bhfairrge agus léim sé isteach cúcha dó’n iarracht sin. Chuaidh sé síos ’ó’n chábán. Ní fada ’na dhiaidh gur bhuail chúcha na gadhair agus na capaill ag dul ar thuairisc a’ ghiorria. D’fhiafruigh duine do lucht na gcapall do chaptaen an bhfaca sé aon giorria ag gabháil an treo. Dubhairt captaen nár bhfacha. As go bráth leo annsin ar thóir an ghiorria agus go aon ghlam agus na madraí. Stad na madraí mar ní fhuaireadar bolaith an ghiorria. Chasadar ar an gcaptaen arís. Labhair an fear arís agus dubhairt sé nach bhfeadfadh gan an ghiorria bheith ar bord aige agus dubhairt captaen nach raibh agus dubhairt seisean go raibh agus é do chur chuige go tapaidh. Chuadar síos agus h-eagla roimh fear an chapaill, chuireadar aníos(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Giollaruaidh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ruadh
- Inscne
- Fireann