Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 713

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 713

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 713
  3. XML “Seancheirdanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Insa tseana-shaoghal, ni bhíodh aon ile ann ach coinnle á ndéanamh le geir agus gheibhdís an geir ós na h-ainimhidhre -- an bhó, agus an chaora. Chuiridís i gcoiméad í agus nuair a theastuigeadh coinnle uatha le déanamh i gcómhnuidhe, gheibhdís an múnla agus leighidís an gheir isteach sa mhúnla agus deineadh di coinnle breághtha. Maireann a lán dos na sean-mhná san fós a dheinead an obair sin. Sé an slíghe go ndeinidís an plainnín fadó. -- Tagadais agus bheárraidís na caoire agus thógaidís é annsan agus phriocaidís an olann mhín as an olann garbh. Ni bhíodh aon mhuileann chárdála fadó. Thgadh na mná le fheidre cártaí agus cárdáilidís an olann iad féin i na reiléirí beaga. Thagaidís annsan agus shíomaidís na reiléirí beaga agus dheinidís snáithín díobh; agus deinidís ceirtlíní don snaithín. Do dheinidís é dhealbhú ar an bhfalla le cipíní deabbhrúthe agus annsan nuair a biodh deire deilbhithe aca, bainidís don bhfalla é agus bheiridís go dti an fígheadóir é agus deineadh sé é d'fhíghe 'na phlainnín bhreágh agus thugaidís abhaile ó'n b'fígheadóir é, agus dheinidís é do níghe agus do ghlanadh, agus deinidís éadach breágh dó. Siad na fígheadóirí a bhí ann fadó ná Mícheál Ó h-Úallacháin, Eogan ó h-Úallacháin, Ned Lake, Seán Ó Duibhne agus Mícheál Ó Néill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighidh Ní Loínsig
    Inscne
    Baineann