Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 713
- XML “Seancheirdanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Insa tseana-shaoghal, ni bhíodh aon ile ann ach coinnle á ndéanamh le geir agus gheibhdís an geir ós na h-ainimhidhre -- an bhó, agus an chaora. Chuiridís i gcoiméad í agus nuair a theastuigeadh coinnle uatha le déanamh i gcómhnuidhe, gheibhdís an múnla agus leighidís an gheir isteach sa mhúnla agus deineadh di coinnle breághtha. Maireann a lán dos na sean-mhná san fós a dheinead an obair sin. Sé an slíghe go ndeinidís an plainnín fadó. -- Tagadais agus bheárraidís na caoire agus thógaidís é annsan agus phriocaidís an olann mhín as an olann garbh. Ni bhíodh aon mhuileann chárdála fadó. Thgadh na mná le fheidre cártaí agus cárdáilidís an olann iad féin i na reiléirí beaga. Thagaidís annsan agus shíomaidís na reiléirí beaga agus dheinidís snáithín díobh; agus deinidís ceirtlíní don snaithín. Do dheinidís é dhealbhú ar an bhfalla le cipíní deabbhrúthe agus annsan nuair a biodh deire deilbhithe aca, bainidís don bhfalla é agus bheiridís go dti an fígheadóir é agus deineadh sé é d'fhíghe 'na phlainnín bhreágh agus thugaidís abhaile ó'n b'fígheadóir é, agus dheinidís é do níghe agus do ghlanadh, agus deinidís éadach breágh dó. Siad na fígheadóirí a bhí ann fadó ná Mícheál Ó h-Úallacháin, Eogan ó h-Úallacháin, Ned Lake, Seán Ó Duibhne agus Mícheál Ó Néill.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighidh Ní Loínsig
- Inscne
- Baineann