Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Oidhche Shamhna a bhí ann bhí ceathrar timcheall ar teine i dtigh tuaithe. Bhí fear a' tíghe ann agus duine de's comharsan darbh ainm Tadhg Mór...”
(ar lean ón leathanach roimhe)cáilliúirín agus cuir isteach í bpoll sa lios é agus agus fág ann é ar feadh uair a' cluig annsan tabhair leat é.
Do cuir Tadhg isteach sa pholl an táilliúírín agus d'imtigh se abhaile. Do thárla go raibh bheirt gadaidhe ag guid caorach an oidhche sin. Do bhí duine acha ag dul treasna an phuill agus caoire 'na baclann aige. Nuair a cuala sé an tailliúirín ag sgreachaidh do leig sé do'n caoire tuitim isteach pholl. Do thuit an caoire ináirde ar an tailliúirín agus ceap seisean gur spirid a bhí ann. Do dhein sé sgréach ach ní raibh aon mhaith dó ann. Nuair a bhí uair a cluig caiththe abhaile. Nuair a connaich se an caoire do rith sé abhaile. Nuair d'éirigh sé geal ar a seacht a clog do leim an caoire amach as an poll agus rith sí as an lios. Do thainig Tadhg Mór ar maidin agus sgata fear in-aonfeacht leis go dtí an lios. Do thógadar an tailliúirín amach as an bpoll agus thugadar abhaile é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruigh Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Séann, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Cinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Séann, Co. Kerry