Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. P. Ó hAragáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 375

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 375

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean
  2. XML Leathanach 375
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    I Loch Deirg Dheirc tá oileán ar a dtugtar an Oileán Naomhtha. Tá fothracha seana-caisleán agus saípéal ann fós...

    I loch Deirg Dheirc tá oileán ar a dtugtar an Oileán Naomhtha. Tá fothracha seana-caisleán agus sáipéal ann fós. Do bhí daoine naomhtha 'na cómhnuidhe ann fadó. Do bhí Protustúnaigh 'na cómhnuidhe í gCíll Dálú agus ní raibh aon cloigín aca agus do bhí ceann mór ins an oileán agus oidhche amháin do thosnuigheadar agus do thógadar an cloigín. Nuair a bhíodar ag teacht amach do cailleadar teanga an cloigín san uisge agus thugadar an oidhche go léir 'á lorg ach ní bfuaileadar é. Do thugadar isteach é ach ní fhéadfhidís aon teanga a dhéanfadh an gnó d'fághail. An oidhche 'na dhiaidh sin do thugadar an cloigín ar ais. Do bhíodar ag triall ar an dteanga ach ní bfuaireadar é, do thugadar an cloigín ar ais agus deirtear gur gach seacht bliain a chloistear an chloigin Oidhche Nodhlag.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Ó Ruaidhrí
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an tSagairt, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Séamus Mach Síthigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an tSagairt, Co. Chiarraí