Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. P. Ó hAragáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
(gan teideal)

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 345

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

Do bhí bean ag dul go Tráighlí agus do chuaidh sí isteach sa carráiste..

Do bhí bean ag dul go Tráighlí agus do chuaidh sí isteach sa carráiste. Do bhí fear istigh roimpe. Nuair a thosnuigh an traen ag gluaiseacht do thóg an fear a phíp amach agus do dhearg sé é. Níor mhaith leis an mhnaoí é sin do chuaidh sí cuige agus shnap si an phíp ón bhfear agus amach an fhuinneóg leis. Do bhí an fear ar dearg buile agus do shnap sé an madrín a bhí ag an mnaoí, agus amach an fhuinneóg leis indiaidh an phípe. Do bhí an beirt acu ar dearg buile annsan. Nuair a sroiseadar Tráighlí bhíodar ag dul cun cainnte le fear an stáisiúin nuair a fhéachadar ar ais agus cad a connachadar ach an madrín agus an phíp 'na bhéal aige ag teacht suas an bóthar iarainn.

Bailitheoir
Seán Ó Máirtín
Inscne
fireann
Seoladh
Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Máirtín
Inscne
fireann
Seoladh
Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge