Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhí fear ann fadó agus ní raibh aon mhach inaon-chor aige. Bhí sé 'na í dtigh bheag é féin agus a mhnaoí...”
Do bhí fear ann fadó agus ní raibh aon mhach inaon- chor aige.
Bhí sé 'na í dtigh bheag é féin agus a mhnaoí. Lá samhraidh a bhí ann dúbhairt sr leis an mhnaoí go raibh sé ag dul go dtí an gort chun an féar do baint. Nuair a tháinigh se isteach ní raibh aon dínnéar ullamh ag a bean dó.
Dúbhairt an mhnaoí leis go raghadh sí féin amach chun an féir do bhaint agus é féin faineacht istigh chun obair an tighe do dhéanamh. Do thosnaig sé ag déanamh choigine. Nuair a bhí an choigin déanta aige do chuir sé an mheadar ar an úrlár.
Do chuaid sé chun bosca móna d'fághail igcóir na teine.
Nuair a tháinigh sé isteach do bhi an uachtar doirtighthe ag an mna mhuc. Níor dhein sé ach grafán a chaitheamh leí agus í do mharbhadh. Annsan chuir sé an bhó in áirde ar díon an tíghe agus ceangall sé tead leis an t-simné. Do thosnuig an bhó ag béich géimridh nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padruig Ó Loinghsig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chuileannach, Co. Chiarraí