Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. P. Ó hAragáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
(gan teideal)

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

Fadó, nuair a bhítí ag cuir an ime go Corcaigh bí duine ann agus nuair a bhí sé ag liónadh an feircín an oidhche roimh ré do cuir leanbh leis a cota isteach sa feircín íngan fhios dó...

Fadó, nuair a bhítí ag cuir an ime go Corcaigh bí duine ann agus nuair a bhí sé ag liónadh an feircín an oidhche roimh ré do cuir leanbh leis a cota isteach sa feircín íngan fhios dó.
Ar maidin nuair a bhí sé ag imtheacht bhí sé ag lorg an chóta ach níorbh fhéidir leis é fághail, agus b'éigean do dul go Corcaigh gan é. Nuair a shrois sé Corcaigh do thóg sé an t-ím isteach í siopa, chun é do dhíol. Do cuir duine an t-siopa maide tríd chun é do thómas, agus do bhreathnuigh se an rud istigh ann. "Ó geallaim-se go bhfuil mo cóta istigh ann agus tá nóta deich púnt istigh sa phócha." "Mura bhfuil tú ag ínnsint fhírinne ní ceanneóchadh an t-ím uait a thuille.
Do thosnuigh sé ag cuardach agus fuair sé an cóta istigh ann agus nóta deich bpúnt istigh sa phóca

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Seán Ó Máirtín
Inscne
fireann
Seoladh
Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seán Ó Máirtín
Inscne
fireann
Seoladh
Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge