Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Kerry
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 202

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 202

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 202
  3. XML “Piseoga i dtaobh <span class="exact">Pósadh</span>”
  4. XML “Ainmneacha Gort”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Piseoga i dtaobh Pósadh
    1. Dá mbeadh duine ag pósadh caithfeadh sé rud éigin le duine eile do chaitheamh.
    2. Dá gcaithfeadh duine bróga buidhe ní bheadh an t-ádh leis.
    3. Dá gcaithfeadh duine éadach gorm bheadh an t-ádh leis.
    4. Nuair a bheadh beirt pósta deireann go gcaithfí éadach an cailín a thabhairt abhaile roimpí.
    5. Nuair a bheadh beirt pósta ní ceart dóibh dul abhaile i n-aon cairt amháin.
    Ba ceart duine aca a bheith cun tosaig agus duine cun deirig.
    6. Sean bhróg a caitheamh leó amach an doras.
    7. Rud éigin a ceangal leis an ngluaisteáin.
    8. Nuair a bheadh garsún ag dul a pósadh cuireann muinntir an tíghe bíreán ina casóig agus ní bhíonn fhios aige é i dtreó is go mbeadh an -ádh leis.
    Séamas Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
    Thug Muiris Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean dho é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Loinghsigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Ghóilín, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Ghóilín, Co. Kerry
  2. Ainmneacha Goirt
    1. Gort a Leasa:- Tá lios 'na lár.
    2. Gort na bhFaoileáin:- Bailígheann mórán faoileán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.