School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 176
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)is culaith sclábhaidhe air is d'imthig mar aoinne ag obair do féin. Áit cois farraige gur cuir sé fé innte, agus bhí sé ag obair go dian. Lá t'réis oibre do bhuail bean éisc isteach. Cheannuig bean an tighe ladhar éisc uaithe, mar b'í an Aoine a bhí ag teacht. Scoilt sí an t-iasc. Cad a bhuailfheadh léi i gceann acu ná eochair bheag. B'seo an t-iongantas ar siubhal. Bhí an buachaill aimsire istig is focal níor labhair sé go tráthnóna.
Bhuail sé isteach go dtí bean-an-tíghe trathnóna a's loirg an eochair uirthi. Dubhairt sé go ndíolfhadh sé aisti uair éicin. Dubhairt sí ná raibh gnó ná cúram aici féin di.
D'imthig sé an bóthar agus siúd leis go dtí an bPápa a's sceitimíní air. Bhí áthas a's luthgáir ar an bPápa agus dubhairt sé leis an mbuachaill go raibh sé saor anois nó riamh. Bhuail sé air suas a chulaith sagairt 's is é a bhí go mórdhálach áthasach agus bhí sé go maith as san amach.- Informant
- Peig Ní Ghuithín
- Gender
- Female
- Age
- c. 66
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry