School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leór Sean-Fhoirghnidhthe ar fud na tíre. Tá ceann ar oileán i Loach Coirib agus an tainm ata air Caisleáin na Circe.
Tóigeadh sé na céadtaí bliadhain ó shoin. Bhí bean ina comhnaidhe ar an g-Ceathramh Ghairbh agus bhí sí chómh bastalach leisgúil agus go gcaithfeadh daoine an greim a bhí sí ag ithe a chur ins béal.
Tháinig sé sa saoghal ar deireadh gur cuireadh gob circe uirthi. Annsin chuaidh sí isteach ins an g-Caisleán seo sa gcaoí nach bhfeicfeadh duine ar bith í, agus sin é an fáth a tugadh Caisleán na Circe air.
D'fhan sí ins an Caisleán gur cailleadh í agus cuireadh ann í.
Deirtear freisin gur tógadh an Caisleán in aon oidhche amháin agus trúir a rinne é. Nuair a bhí sé críochnuighthe san tráthnóna deirtear go raibh cearc agus coileach ann, agus sin úghdar eile ar tugadh(continues on next page)- Collector
- Liam Breathnach
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Dúráithe, Co. Galway