School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí triúr nac aige. Bhí ceann acú in a amadán agus bhí an bheirt eile an-ghlic.
Bhí an sean-fhear ag roinnt na talmhan orra annsin acht níor mhaith leis é a thabhairt don amadán. Chuir sé chuig teampall é a gcoinne sgíne agus tobac a d'fhág se in a dhiaidh ag sochraid.
Bhí taidhbhse bhán ins an teampall seo agus mharbhóchadh sé chuile dhuine a rachadh ann. Chuaidh sé ann agus thug sí na rudaí abhaile acht níor mhaith leis an talamh a thabhairt dó.
Chuaidh an sean-fhear chuig fear an-ghlic, abhí in áit eile don tír agus d'iarr air plean a thabhairt dó le go gcuireadh sé an tamadán as an talamh. Dubhairt an sean-fhear glic leis é a chur go coill mhóir i gcoinne sgoilibh. Bhí taidhbhse eile ina comhnuidhe sa gcoill seo agus mharbhóchadh sé chuile dhuine a rachadh ann. Chuaidh an tamadán ann agus thainig an taidhbhse chuige. D'iarr sé dhe céard a thug isteach ann é agus dubhairt se leis dul as go tapaidh. Dubhairt an tamadán nach(continues on next page)- Collector
- Liam Breathnach
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Ó Murchadha
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Dúráithe, Co. Galway