School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Séamus Breathnach
“Bhí mhac baintrighe ann uair amháin.”
Séamus Breathnach.
Bhí mac baintrighe ann uair amháin.
Lá amháin dubhairt sé le'na mháthair go rachadh sé ag toruigheacht inghine a leiteide seo go fhear. Ná bí gan céill a mhic ar sise ní bhfuighidh tú í. D'imthigh sé leis go ndeacha sé ag an an [!] teach in-a raibh an bhean ann.
Nuair a bhí sé tamall istigh sa teach ghléas siad béile dhóibh, annsin chruinnigh siad uilig thart ar an mbord ag ithe an bhéilí. Bhí an fea[r] cúmhal mar nach raibh sé istigh ins an teach ariamh cheana. Ní raibh tada ithte aige nuair a dubhairt fear a tighe go raibh sé fhéin sáthach tá mo bhean sáthach agus tá mo chlann sáthach duine gan náire nach mbeadh sáthach. Nuair a bí sé in am a dhul a chodhladh réidhteadh leabaidh dhó agus chuaidh sé a chodhladh leóbhtha.
D'imthigh sé leis abhaile ar maidin lár na bháireach.
Thug siad cuireadh dhó a theacht oidhch[e] eile, tháinig sé aríst faoi cheann cupla oidhche.
Nuair a bhí siad tamaill ag cainnt réidhtigh siad béilí aríst.
Ní raibh siad an-fhada ag ithe(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Bhearshúiligh
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Mac Bhearshúiligh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Dúráithe, Co. Galway