School: An Fháirche (Buachaillí)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Énrí Ó Máille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Mac Ríogh agus Éan an cheoil Bhinn.
Bhí rí na chomhnuidhe ins an tír seo shul 'á dtáinig na Gaill chun na tíre.
Cuireadh an choróin ar a cheann nuair a bhí sé bliadhain is fiche. Ba gearr gur phós sé bean bhreágh as Cuige Mumhan agus bhí mac óg aicí agus tugadh Ceart mar ainm air.
Ní raibh an gasúr acht trí mhí go aois nuair a cailleadh a mháthair agus phós a athair bean eile agus bhí dhá mhac aicí Art agus Neart. Níor mhaith lé Art agus Neart an buachaill eile ag déanamh go maith agus dubhairt siad go marbhóchadh siad an chú a bhí ag a athair agus go ndéarfhadh siad go mba é Ceart a mharbhuigh é. Nuair a bhí an chú marbhú acú dubhairt siad go mba é Ceart a rinne é. Chuaidh an tathair agus bhuail sé Ceart acht chuala máthair-mhór Cheart é; dubhairt sí go bhfhaca sí Art agus Neart ag marbhú an mhadaidh agus go raibh sé de phlean acú Ceart a chionntú
Níor mhaith leis an athair gur bhuail sé Ceart. Chuaidh an tathair agus an triúr mac isteach sa gcoill lá agus chuala sé ceól binn agus dubhairt leó go mba é Éan an Cheóil Bhinn a bhí ag ceóltóireacht agus go mba(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Somacháin
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 64