School: An Fháirche (Buachaillí)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Énrí Ó Máille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 276

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 276

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Fháirche (Buachaillí)
  2. XML Page 276
  3. XML “Óige na Farraige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is an tsean aimsir roimh 'a dtáinic Naomh Pádhraic go hÉirinn bhí go leor clann inghean ag na Págánaigh agus bhí an-mheas acú orthú.
    Nuair a chuala siad go raibh an Naomh ag teacht cheap siad go mbfeárr dóibh a gclann a ruaghadh amach sa bhfairrge. Fuair siad draoidheacht ó fhear a bhí sa tíɼ agus ruaigh siad amach sa bhfairrge iad, agus chuaidh siad go léir go tóin fairrge acht bean amháin.
    Bhíodh cochall orthú go léir agus sé a thug go tóin fairrge iad. Nuair a bhí bean óg ag dul amach stróic sí an cocall agus ní ndeacha sí go tóin fairrge.
    Bhíodh sí ag imteacht i n-uachtar uaidhe sin amach.
    Chonnaic chuile dhuine ag tigheacht go dtí an cladach í ag cíoradh a cinn.
    Bhí an cocall a stróic sí aicí i gcomhnuidhe agus lá a bhí sí ag cíóradh a cinn ghoid fear an cocall uaithe agus rith sé abhaile agus lean sí é. Chuaidh sí ag teach an fhir agus phós an fear í. Bhí triúr clainne acú agus lá amháin bhí an tathair leo amuigh ins an ngáirdín agus chuaidh an tathair go dtí an áit a raibh an cochall aige agus chonnaic an chlann é. Chuaidh an tathair ag an margadh lá amháin agus thug an chlann an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Somacháin
    Gender
    Male
    Informant
    Seán Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Cill Bhríde, Co. Mayo