School: An Fháirche (Buachaillí)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Énrí Ó Máille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Fháirche (Buachaillí)
  2. XML Page 289
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thart ar an teach agus isteach ins an ngáirdín.
    Chuaidh sé isteach ins an ngáirdín agus fuair sé a dhó chois amach as an gcruaich choirce. Thug sé isteach é agus bhí siad tamall ag cainnt agus faoi dheireadh chuaidh siad a chodhladh agus amach ins an oidhche chonnaic an bhean solus ins an teach agus dubhairt sí leis an bhfhear nár chuir sé an solus as. Chuaidh sé síos agus chonnaic sé dhá Easpol dhéag thart ar an bhfear dhá glanadh. Chuaidh sé a chodhladh aríst agus nuair a deirigh sé ar maidin bhí an sagart in a shuidhe ar an stól. D'fhiarr sé ar an bhfear cead fhághail ón sagart pairáiste dhó Aifreann a léigheamh agus fuair agus nuair a casadh an dá shagart ar a chéile cé bheadh ann acht a dearbhráthair fhéin agus nuair a bhí sé ag léigheamh an Aifrinn tháinig dhá cholm agus luigh siad ar a dhá ghualainn an fhad is bhí sé ag léigheamh an Aifrinn agus nuair a bhí an t-Aifreann leighthe aige shiubhail sé amach agus do réir mar bhí sé ag dul amach bhí na cuilm ag méadú agus nuair a bhí sé amuigh d'fhoscail na flaithcheas agus chuaidh siad suas ina flaithcheas agus ba iad a athair agus a mháthair a bhí ann
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Conróigh
    Gender
    Male
    Informant
    Máirtín Ó Mulruaidh
    Gender
    Male
    Age
    83
    Address
    An Cheathrú Chaol, Co. Galway