Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile. Is gearr go dtáinig an gadhar go dtí í. D'iarr an gadhar rud le n-ithe uirri ach dubhairt sí leis go rabh aráin aice agus é a bheith ag ithe go mbeadh sé tuirseach. Thosuigh an gadhar ag ithe go rabh sé tuirseach. D'imthigh an tríomhadh h-inghean léithe agus is gearr go dtáinig sí go dtí an teach a dtáinig an bheirt eile. Bhuail sí ar an doras agus d'fhiafruigh an glór taobh istigh "céard a bhí ag teastáil uaithe." "Dubhairt an cailín go rabh obair ag teastáil uaithe." Má tá obair ag teastáil uait tá neart agam sa dhuit." Bhfeicheann tá [!] an siothlán sin tabhair leat é agus tabhair isteach a lán uisge." D'imthigh an cailín léithe go dtí an tobar brónach go leór. Nuair a tháinig sí go dtí an tobar ní rabh fhios beó céard a dhéanfadh sí. Chuir sí an t-uisge sa siothlán an chéad uair ach níor fhan aon deór ann. Chuir sí an darna h-uair ann é ach níor fhan aon deór ann. Chuir sí an tríomhadh h-uair ann é ach níor fhan aon deór ann. Shuidh sí síos mar bhí fhios aice go rabh sí le marbhú. Ní rabh abhfadh na suidhe go dtáinig an gadhar céadna aice agus a tháinig ag an tobar. "Dia dhuit" a deir sé léithe. "Dia is Muire dhuit" a deir an cailín. "Tá brón éicint ort a deir an cailín. Chuir an tsean-bhean atá sa teach sin thíos amach ag iarraidh uisge mé agus ní rabh mé indhon é a thabhairt liom mar níor thug sí dom ach siothlán le é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghaora
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Mairead Ní Chonríog
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)