Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis ach a dhriotháir
"Cé mar tá ag éirighe leat? adeir fear na fírinne.
"Go dona", adubhairt fear na mbréag.
"Níl snáithe éadaigh ar mo chraiceann".
"Féach mise, a bhfuil inghean Ríogh pósta agam."
"Ach cén chaoi ar éirigh leat inghean Ríogh a phósadh? adeir fear na mbréag D'innis sé dhó.
"Meas tu a mbeadh aon mhaith dhom-sa, a dhul go dtí an teach sin? adubhairt sé.
D'imthigh leis agus tháinig sé go dtí an teach. Chuaidh sé isteach agus chuaidh faoi'n tubán. Nuair a tháinic na cait isteach dubhairt ceann acu leis an gceann eile sgéal a innseacht.
"Níl mise ag dul dhá innseacht ar fhaitchíos go mbeadh aon duine istigh a thiubhradh an sgéal amach"
"Béidh fhíos againn an bhfuil" adeir an ceann eile. Chuaidh siad ag cuartú ag [!] fuair siad fear na mbréag istigh faoi cheann acu. Bhuail siad é agus mhairbh siad é.- Bailitheoir
- Brigid Ní Neachtain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13