Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'aon duine a dul faoi mo cheann sa," adeir sé. D'innis ceann acu sgéal.
"Tá inghean Rí tinn thíos annsin agus níl aon dochtúir indon ' leigheas". adeir ceann acu.
"Tá tobar breagh thíos annsin agus dhá n-óladh sí braon beag de'n uisge atá ann bheadh sí leigheasta ar an bpoinnte."
Dubhairt athair an chailín duine ar bith a leigheasfadh í go bhfuigheadh sé le pósadh í. Nuair a chuaidh na cait amach ar maidin chuaidh fear na fírinne amach freisin. Chuaidh sé go dtí an tobar agus thug sé buidéal de'n uisge leis. Tháinig sé go teach an Ríogh. D'fhiafruigh sé cá rabh an inghean bhí tinn.
"Tá sí ins an seomra seo" adeir an Rí. "a dubhairt an Rí." [!] Chuaidh sé go dtí í agus thug braon uisge di. Chomh maith agus d'ól sí é bhí sí go maith. Chuimil sé dhá shúile é agus tháinig amharc chuige. Fuair sé le pósadh í. Bhí sé ag siubhal lá agus cé casfaí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brigid Ní Neachtain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13