School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 233
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Sgéal.Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice. Budh gearr gur cailleadh an mháthair ortha.
Ní bhíodh an bheirt eile ag tabhairt ceart ar bith do'n deirbhshiúr dob óige. Ní bhíodh snáth de na seacht n-éadaigh uirthe.
Bhí ceól le bheith i dteach mór an oidhche seo agus d'iarr an inghean dob óige an leigfidís ag an gceól í agus dubhairt siad nach leigfadh D'imthigheadar leó go dtí teach an cheóil.
Ní rabhadar i bhfad imthighthe nuair a tháinic sean-bhean isteach go dtí [!] agus thug sí culaith bhreágh éadaigh dí agus bróga gloine.
Bhí draoidheacht mór ag an tsean-bhean.
Bhuail sí buille ar an gclog agus rinne sí each dhe, agus bhuail sí buille ar an gcat agus rinne sí cailín dhe.
D'imthigh sí léi go dtí teach an cheóil.
Nuair a tháinic sí chuig teach an cheóil níor aithnigh duine ar bith dá raibh istigh ag an gceól í. Níor fhan sé ann acht go dtí a dó-dhéag. Nuair a bhí sé an dó-dhéag d'imthigh sí abhaile
Bhí sí sean-tuirseach san mbaile roimh an mbeirt eile agus bhí gach rud déanta aice.
Nuair a tháinic siad abhaile dubhairt siad go raibh bean bhreágh ag an gceól anocht, agus d'iarr sí ortha an(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Confhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Mac Confhaola
- Gender
- Male
- Address
- Gleann Trasna, Co. Galway