School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 234
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leigfidís ag an gceól í féin ag an gceól [!] amáireach agus dubhairt siad nach leigfadh.
D'imthigh an bheirt leó aríst go dtí teach an cheóil lá na bharach.
Budh ghearr go dtáinic an t-sean-bhean isteach go dtí í aríst agus thug sí éadach agus bróga aríst dí.
Rinne sí each de'n chlog agus rinne sí chailín de'n cat.
D'imthigh an cailín léi go dtí teach an cheóil, Níor aithin duine ar bith í.
Nuair a bhí sé an dó-dhéag d'éirigh sí chun dul abhaile agus nuair a bhí sí ag dul amach an doras thuit bróg dí agus choinnigh mach an rí í. D'fhiafruigh sé de gach duine a dtiocfadh an bhróg orrab agus d'fhiach gach duine le haghaidh an bhróg a chur orrab acht níor fhéad siad.
Chuala mac an rí go raibh a léithid seo de bhean bhreágh ann agus chuir sé sgéala go dtí í. Bhí an bhróg eile aice agus phós sí féin agus mac an Rí agus mhair siad go maith uaidh sin amach.- Collector
- Bríghid Ní Confhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Mac Confhaola
- Gender
- Male
- Address
- Gleann Trasna, Co. Galway