Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. Galway
Múinteoir:
Micheál Ua hUigín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 154

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua
  2. XML Leathanach 154
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Lá amháin bhí Micilín Sheáinín Úna ag obair sa gharrdha.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    ós cómhair an Mhinistéara amach. "Cogar mé seo leat", adeir an Ministéara, "an ag iarraidh troda a tháinig do leithead de scóltóirín". "Ná bí ag magadh", adeir Micilín, "dá mbeadh braoinín ólta agam b'fhéidir go ndéanfainn sin féin". "Cé leis", adeir an Ministéar. "Ó ghabhaim párdún agat. Ní leatsa é", adeir Micilín, "ach is tú féin an méid sin asam." "Tháinig mé ag iarraidh láighe ar iasacht mar bhris mé an sean-láighe a bhí agam féin ar báll". "Sean ná óg", adeir an Ministéar "ní bhrisfeá í dá mbeadh sé ar do chumas í do chur i n-úsáid mar ba cheart". "O", arsa Micilín, "tá tú ag dul ró fhada le do chuid fonóide, dár ndóigh ní raibh aon fhear láighe sa bparáiste a b'fhearr ná m'athair agus bhí mo shean athair an fheabhas".
    "Ach mo cuimhne is mo dhearmad ar chuala tú tracht ariamh ar fhear a tháinig ó Bhaile Athá Cliath suim bliadhanta ó shoin le munadh do mhuinntir na h-áite le cuireadóireacht a dhéanamh. Ach chuala mé Seán Mháire Thomáis go ndéana Dia trócaire air ag rádh go raibh léasacha ar a lámha a bhí chomh mór le mo dorn". Ní raibh an Ministéar sásta gan tuilleamh magaidh mar shíl sé a dhéanamh faoi Mhicilín agus dubhairt sé. "Go deimhin a Mhicilín, mara raibh siad ach chomh mór le do dhorn níor bhfiú biorán iad mar is beag iad do chuid dornaí". Tháinig roinnt feirge
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Conghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. Galway