Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ua hUigín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua
  2. XML Leathanach 153
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Lá amháin bhí Micilín Sheáinín Úna ag obair sa gharrdha.

    Lá amháin bhí Micilín Sheánín Úna ag obair sa gharrdha. Sílim gurb á shocrú bhí sé mar ba é tús an earraigh a bhí ann. Bhí an garrdha salach go maith mar bhí go leór luibheanna agus chuile shórt ag fás ann. Dheamhain láighe a bhí ceannuighthe ag Micilín fós agus ní raibh aige ach sean-láighe mheirgeach gan mórán maitheasa agus ba gheárr gur briseadh an faic ar mo duine bhocht. Thosuigh Micilín ag tochus a chinn ach dubhairt sé faoi dheireadh go ngabhfadh sé ag iarraidh láighe ar an Ministéar a bhí 'na chomhnaidhe sa mbaile céadhna agus cé nach ndeachaidh Micilín ag iarraidh tada ariamh cheana ar an Ministéar ar iasacht d'airigh sé cáil mhaith air ó na comharsannaibh.
    D'imthigh leis chomh fada le teach an Mhinistéara agus bhuail sé ar an doras. Ba gheárr gur tháinig an cailín aimsire amach agus d'fhiafhruigh de Mhicilín céard a bhí uaidh. "Abair leis an Ministéar go dteastuigheann sé féin uaim agus theacht amach", arsa Micilín. Chuaidh sí isteach agus d'innis dá mháighistir go raibh fear taobh amuigh ar mhaith leis labhairt leis. "Táim tuirseach", adeir an Ministéar, "abair leis theacht isteach péirbí cé atá ann". Chuaidh an cailín amach agus dubhairt sí le Micilín theacht isteach. Tháinig, agus sheas sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Conghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Cadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe