Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Crumlin, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé Cruim-ghlinn an t-ainm atá ar mo bhaile. Tugadh an t-ainm sin air mar tá gleann crom ann. Tá ocht dtighthe deag ann. Tá naoi dtighthe ann , agus tá tuighe ortha. Tá slinn ar na tighthe eile. Timchealls fiche bliadhan on shoin bé tuighe a bhí ortha uilig. Tá seacht sean-daoine ós cionn seachtmhadh mbliadhna d'aois ina gcomhnuidhe ann. Tá gaedhilg aca uilig agus tá siad in ann sgéalta a innseacht i ngaedhilg. Seo iad a n-ainmneacha:-Micheál Ó Coscraigh
Enrí O Maoiléidigh
Máirtín O Colmáin
Seán PhaidínTá talamh mhaith ann anois. Tá barraí ann anois. Fadó ní raibh ann acht fraoch.Tá an Teach Mór istigh i lár coille ar an taobh ó theas de'n bhaile. Ó h-Anraoi an tighearna talmhan a tóg é, tá sé céad go leith bliadna ó shoin. Ní raibh tighearna talman in a chomnuidhe ann le dhá scór bliadhain agus is siopa agus stór fata agus coirce ata ann anios.- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Laimhthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Crumlin, Co. Galway