School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 057
- XML “An Chailleach Chearc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a d'imthigh sí ar ais chuaidh Muicín na muc go dtí Pálás an ríogh agus dúbhairt sé leis an mac go dtánaig a bhean agus a thriúr clainne go dtí a theach féin agus go ndeachadar isteach 'san loch arís.
Dúbhairt mac an riogh go mbeadh sé ag faireadh uirri lá ar na bhárach nó go mbeadh a fhios aige céard a bheadh le radh aici. Lá ar na bhárach bhí mac an ríogh i dteach Mhuicín leis an bhFainne geal agus i lár an lae tháinig an bhean agus bhí faillte ag mac an riogh roimpi.
Dúbhairt sé léi a dhul abhaile agus na paistí a thabhairt léi, agus dúbhairt sise leis nach leigfeadh rí na locha abhaile í, muna dtiubharfaí seacht gcéad bullán mar ais-íoc ar a son.
Chuir mac an ríogh na seacht gcéad bullán amac san loch agus thug sé a bhean agus na páistí abhaile leis arís. Bí cinnte gur mhaireadar go suimhneach i sógh agus i suimhneas go ceann i bhfad in a dhiaidh sin acht bhí an-aois tuithte ar Splinc agus ar Mhaolcharach faoi an ám seo agus bhí an-éad orra nuair(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Raghallaigh
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Informant
- Nuala Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway