School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 056
- XML “An Chailleach Chearc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dúbhairt sé nach mbeadh aon saoghal aici acht bliadhain eile.
Faoi cheann bliadhna bhí inghean óg aici agus an uair seo caitheadh í féin agus an inghean amach san loch céadhna.
I gceann seacht mbliadhna in a dhiaidh sin d'éirigh Sgreamach as an loch a's a triúr páistí i n-éinfeacht léi. Chuaidh sí isteach i dteach fir darbh' ainm Muicín na muc a bhí ar bhruach na locha agus séard a dubhairt sí,
"A' seineann na h-éiníní ceól,
A' sileann na méiríní mil,
An itheann an each caol dubh féar
Nó an maireann mac an riogh beó."
Sé an freagra a fuair sí ó Mhuicín na Muc;
"Ní sheineann na h-éiníní ceól,
Ní shileann na méiríní mil,
Ní itheann an each caol dubh féar
Acht maireann mac an ríogh beó."
D'imthigh sí léi arís go dtí an loch agus an lá ar na bhárach chuaidh sí go teach Mhuicín na muc arís.
Dúbhairt sí na focla céadhna agus fuair sí an freagra céadhna.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Raghallaigh
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Informant
- Nuala Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway