School: Cill Chiaráin

Location:
Cill Chiaráin, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chiaráin
  2. XML Page 026
  3. XML “Snáth Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Leis an tsean aimsir bhí rí óg i nÉirinn. Bhí sé i na chomhnaidh i gcaisléan breágh. Ní bhíodh mórán le déanamh ag an rígh óg seo, acht is ag fiadhach is mó a chaitheadh sé a aimsir.
    Bhí coill mhór i lár na tíre. Bhí fear bocht i na chomhnaidh i dteach beag ag ceann na coill seo. Bhí sé pósta acht bhí a bhean cáillte agus ní raibh aige sa teach acht aon inghean amháin. Cailín áluinn a bhí innti agus í go cneasta lághach.
    D'ob iongantach an sníomhaidh í. Bhíodh sí i gcomhnaidhe i n-a suidhe agus a túirne ós a comhair agus í ag obair ar a dícheall an fhad is bheadh solas an lae ann.
    Lá amháin tháinig an rí ag fiadhach go dtí an choill sin i n-a raibh teach an cailín. Do bhí sise ag obair taobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Niadh
    Gender
    Male
    Address
    Coill Sáile, Co. Galway
    Informant
    Bríghid Ní Níadh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    53
    Address
    Coill Sáile, Co. Galway