Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 057

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 057

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 057
  3. XML “An Chailleach Chearc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a d'imthigh sí ar ais chuaidh Muicín na muc go dtí Pálás an ríogh agus dúbhairt sé leis an mac go dtánaig a bhean agus a thriúr clainne go dtí a theach féin agus go ndeachadar isteach 'san loch arís.
    Dúbhairt mac an riogh go mbeadh sé ag faireadh uirri lá ar na bhárach nó go mbeadh a fhios aige céard a bheadh le radh aici. Lá ar na bhárach bhí mac an ríogh i dteach Mhuicín leis an bhFainne geal agus i lár an lae tháinig an bhean agus bhí faillte ag mac an riogh roimpi.
    Dúbhairt sé léi a dhul abhaile agus na paistí a thabhairt léi, agus dúbhairt sise leis nach leigfeadh rí na locha abhaile í, muna dtiubharfaí seacht gcéad bullán mar ais-íoc ar a son.
    Chuir mac an ríogh na seacht gcéad bullán amac san loch agus thug sé a bhean agus na páistí abhaile leis arís. Bí cinnte gur mhaireadar go suimhneach i sógh agus i suimhneas go ceann i bhfad in a dhiaidh sin acht bhí an-aois tuithte ar Splinc agus ar Mhaolcharach faoi an ám seo agus bhí an-éad orra nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Raghallaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nuala Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe