Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 092

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 092

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 092
  3. XML “An Fáinne Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean ann ins an t-sean-aimsir, agus bhí mac amháin aca. Cailleadh an t-athair nuair a bhí an mac in-a pháiste.
    Lá amháin chuir an mháthair an gasúr beag ar theachtaireacht agus ar a bhealach abhaile casadh fear air.
    D'fhiafruigh an fear dhe cé dhá'r dhíobh é, agus d'innis an gasúr dhó.
    Ba é an fear seo dearbhráthair an fhir a bhí caillte agus ba é oncail an ghasúir é.
    Chuaidh an t-oncail go dtí teach na baintrighe agus bhí sé ag gol le brón nuair a chuala sé go raibh a dhearbhráthair caillte.
    D'fhan sé an oidhche seo i dteach na baintrighe, agus ar maidin d'iarr sé ar an ngasúr dul i néinfeacht leis féin agus go mbeadh neart airgid le fagháil aige. Chuaidh.
    Ní rabhadar i bhfad ar bhealach nuair a casadh in-a mbealach cloch mhór.
    Thóg an t-oncail an chloch agus bhí poll mór fúithe.
    Dúbhairt an t-oncail leis an ngasúr beag a dhul síos ann agus fáinne óir a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0560: The Magic Ring
    AT0561: Aladdin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Raghallaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nuala Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe