Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean i n-a comhnaidhe i mbothán ar bhruach loca bean an-bhoct a bhí innti bhí aon mhac amháin aice.
Do bhí bó sa teach, lá amháin chuir an mháthair an Mac ar an aonac leis an mbó.
D'eirigh an buachaill ar maidin agus d'ith a bhricfásta agus d'imtigh ag an aonach.
Nuair a bhí sé i ngar don aonac casadh firín beag dó. D'iarr sé an bhó air, ar leath ubhalla, "dubhairt an buachaill nach dtiubhradh"
"Bí ag imtheacht mar sin arsa an firín go holc. Bhí sé ag imtheacht acht is gearr gur casadh firín eile dhó agus d'iarr an bhó ar, air leath-ubhall mór apaidh.
"Dubhairt an buachaill go dtiubhradh" acht dubhairt an firín leis nuair a ghabhfhadh sé abhaile an t-ubhall a chur amuigh sa ngarrdha agus nuair a d'éireóch sé ar maidin go mbeadh chrann mór millteach fásta sa ngarrdha agus go mbeadh pota óir faoi na bhun.
Nuair a chuaid sé abhaile rinne sé mar dubairt an firín leis nuair a d'éirigh sé ar maidin fuair sé pota óir faoi bhun an chrainn agus bhí sé féin agus a mháthair saidhbheir uaid sin amach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Níadh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Níadh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe