Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 039
  3. XML “Bean agus Buachaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean bhoicht ann fadó agus bhí aon mhach amháin aici. Bhí an bhean seo an-bhocht, agus ní raibh aon phighinn airigid aice le hagaidh na Rátaí a íoch. Bhí sí ag beathughadh muice agus lá amháin do chuir sí a mach chuigh an aonach leis an muic.
    Nuair a bhí an buachaill leath-bhealaigh casadh fearín beag dhó, agus thairg sé cúpla dosadán dhon bhuachaill ar an muic, agus bhí an buachaill chomh dichéillí is gur thug sé an mhuch dhon fhearín ar an gcúpla dosadán. Nuair a chuaidh an buachaill abhaile d'fhiafruigh an mháthair de céard a fuair sé ar an muic agus dubhairt an buachaill nach bhfuair sé tada, acht cúpla dosadán. Bhí an mháthair annsin ag casaoid ar a mach go mór agus chaith sí amach san ngarrda iad. Ar maidin nuair a d'éirigh siad bhí crann mhór fásta taobh amuigh san ngarrda agus chuir sé seo an-iongantas ar an mnaoi bhoicht.
    Dubhairt an buachail go ngabfhadh sé suas san gcrann agus chuaidh sé suas. Nuair a chuaidh sé suas d'osgail doras mór agus shiubhal an buachaill isteach i dteach mór. Ba teach Fathaigh a bhí ann, agus ní raibh istigh acht bean an Fhathaigh. Dubhairt sí leis go raibh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Éithne Ní Congaile
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    39
    Seoladh
    Coill Sáile, Co. na Gaillimhe