School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 004
- XML “An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tiubhraidh mé obair dhuit.
"Tá maor caorach agamsa arsan feilméar agus téidheann sé soir an bóthair 'chuile mhaidin le céad caorac agus má thugann tú ceann de na caora uaidh tiubhraidh mé cúig phunta dhuit agus an caora.
Lá ar na bhárac d'éirigh an gadaidhe go moc agus cuaidh soir an bóthar go teac an tsiopa agus cheannuigh péire nuadh bróga.
Níorbh fhada go bhfaca sé an maor agus an chéad caorach ag teacht niar an bóthar.
D'fhág an gadaidhe ceann de na bróga i gceart lár an bhóthair. Nuair a tháinic an maor comh fada leis an mbróig, dubhairt sé leis féin go mo mhór an feall nach raibh bróg eile aige, agus d'fhág annsin í. Bhí an gadaidhe ag imtheacht soir an bothar roimh an maor i gcomhnaidhe.
Nuair a bhí sé tuairim(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Faoileáin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway