School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar

Filter stories

Back
/ 538 Forward
Resolution: Low | High
Ainmneacha Áite

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 488

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Níl páirc ná gort ná mágh ná cnoc na sliabh ná coill ná gleann na abhainn na oileán ins an bparóiste seo againn-ne nach bhfuil a asinm féin air. Agus ainmneacha deasa feileamnacha gach uile ceann aca. Tá cuid aca an-sean amach is amach; níos sine na an Ghaedhilg féin. Ainmneacha iad sin a chuir na daoine a bhí annseo orra sul dá dtáinig Clann Míleadh go dtí an tír seo cor ar bith.
Ag seo cuid aca:
Clais an Aifrinn. Clais mhór ghainimh i siúd mar a mbíodh na sagart ag léigheadh an Aifrinn i n-aimsir na bpian-dligte?.
Gort an Uisge. Gort íseal é sin a bhfuil lag mór in a lár. Bíonn uisge ins an lag nuair a bhíos báisteach trom ann.
Cnoc an leice. Tá leac mhór ar barr an chnuic agus is uaithe a hainmnigheadh an cnoc.
Magh Glas. Páirc glas mór
"Árd". Árd timcheall seacht míle ón gClocán. Tá cnuic árda ar gac taobh dí, agus gleann mór fairsing íns an lár
Murvey: A green sea plain about three miles from Rauadefacie? on the coast road.

(continues on next page)
Language
mixed
Location
Clifden