Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán

Suíomh:
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Peadar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 488

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 488

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Leathanach 488
  3. XML “Ainmneacha Áite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl páirc ná gort ná mágh ná cnoc na sliabh ná coill ná gleann na abhainn na oileán ins an bparóiste seo againn-ne nach bhfuil a ainm féin air. Agus ainmneacha deasa feileamnacha gach uile ceann aca. Tá cuid aca an-sean amach is amach; níos sine na an Ghaedhilg féin. Ainmneacha iad sin a chuir na daoine a bhí annseo orra sul dá dtáinig Clann Mhíleadh go dtí an tír seo cor ar bith.
    Ag seo cuid aca:-
    Clais an Aifrinn. Clais mhór ghainimh i siúd mar a mbíodh na sagart ag léigheadh an Aifrinn i n-aimsir na bpian-dligte.
    Gort an Uisge. Gort íseal é sin a bhfuil lag mór in a lár. Bíonn uisge ins an lag nuair a bhíos báisteach trom ann.
    Cnoc an Leice. Tá leac mhór ar barr an chnuic agus is uaithe a hainmnigheadh an cnoc.
    Magh Glas. Páirc glas mór
    Magh Árd". páirc árd timcheall seacht míle ón gClocán. Tá cnuic árda ar gac taobh dí, agus gleann mór fairsing íns an lár
    Murvey: A green sea plain about three miles from Roundstone on the coast road.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Suíomh
    An Clochán, Co. na Gaillimhe