Scoil: Tobar Ruadh
- Suíomh:
- Toberroe, Co. Galway
- Múinteoir: Séamus Ó Cinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tobar Ruadh
- XML Leathanach 0131
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín deas in a comhnuidhe i dtír na sídheóga fadó agus bhí sí in a sídheóig bhig. Óirín an t-ainm a bhí uirri. Bhí sí in a chailín deas freisin. Bhí sí i gcomhnaidhe ag déanamh gúna núa dhí fhéin. Bhí go leor gúnaí deasa aici agus bhí lása agus ribíní ionnta.
Bhí bean eile in a comhnuidhe ins an dtír chéadhna agus b'é an t-ainm a bhí uirri an t-Sean-bhean-Liath agus bhí sí inonn gúna deas a dhéanamh. Chuaidh Óirín go dtí an bhean seo lá amháín chun sampla ghúna a fhágháil agus núair a bhí sí ag dul amach an dhóras do chuir sí poll mór in a gúna le táirne a bhí ins an dhoras.
Annsin dubhairt an t-Sean-Bhean le Óirín fanacht nóiméad agus go ndeisiú sí féin an poll. Chuaidh an t-Sean-Bhean go dtí an fhuinneóg a bhí in a sheomra agus fúair sí snáthad draoidheachta iarn a bhí ann agus núair a chuir sí an snáhad trdíd an gúna bhí an poll deisiúighthe.
Bhí féin-mhór ag na sídheóga agus bhí Óirín ag dul ann agus bhí sí ag déanamh gúna núa i góir na féise. Tháinic tinneas uirri is ní raibh aici acht lá chun an gúna a dhéanamh. Ní raibh sí inonn an gúna a dhéanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhuineacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloonbar, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Mhuineacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Cloonbar, Co. Galway