Scoil: Tobar Ruadh
- Suíomh:
- An Tobar Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Cinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí stoirmeacha fadó ar an tríomhadh lá déag de mí Lúghnasa sa bhliadhain 1737. Ní raibh fhios ag na daoine céard a dhéanfadh siad mar bhí sé an-dona ar fad agus ní fhaca siad stoirm chomh dona is a bhí sé an lá sin.
Bhí comharthaí ins an spéir nuair a bhí sé ag teacht. Bí an spéir an-dorchada is bhí na scamaill ag rith tríd an spéir go h-an tapaidh is bhí an gaoi ag séideadh na duilleóga as na crainn agus ag séidheadh na bláthanna thart timpeall na gáirdíní. Thosaigh sé ag báisteach ar dtús an lá sin. Bhí an báisteach go h-éadroim ar dtús agus sa deireadh tháinig sé go h-an trom ar fad. Tháinig sé chomh trom sin is bhí faithíos an-mhór ar na daoine agus shíl siad nach stoppadh sé ag cur fearthainn go deo. Bhí gach rud agus gach áit de uisce is bhí an t-uisce in-aice na tighe. Chuaigh an t-uisce isteach ins na tighe agus faoi na leapracha agus ní raibh aon áit fághta le haghaidh na daoine a sheashamh, mar bhí an t-uisce a bhí ins na tighe timpeall le cúig throigh ar aoirde.
Tar-éis sin tháinig tornach agus teinntreach is fuair na stoc bá agus fuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Neachtain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Síon, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Reafartaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cluain Síon, Co. na Gaillimhe