School: Tobar Ruadh
- Location:
- An Tobar Rua, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Séamus Ó Cinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tobar Ruadh
- XML Page 0135
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear láidir:- Céad bliadhain nó mar sin bhí fear láidir in a chomhnuidhe i gClúán-lín, Cill Chonnla, Tuaim, agus b'é an t-ainm a bhí air Seán Mháirtin. Bhí sé go h-an- láidir ar fad agus bhí sé inonn trucall agus ualaigh mhóra a iomchur, agus bhí sé inonn clocha móra troma, agus rudaí trom a thógáíl.
Fear Reatha:- Bhí fear in a chomhnuidhe i gClúan-Bár, Cill-Chonnla, Tuaim, agus Sóírse Mórán an t-ainm a bhí air. Bhí sé inonn rith go h-an-mhear ar fad. Bhí sé iononn rith níos-tapaidh ná capall i rás céad slat. Rith sé go leór rásaí in go leór áiteacha agus bhúaidh sé in gach áit.
Fear Maith Siubhal:- Bhí fear in a chomhnuidhe i gClúan-Sín, Cill Chonnla, Tuaim, agus b'é an t-ainm a bhí air Micheál Morán. Bhí sé in a siubhlaidhe an-mhaith agus bhí sé inonn siubhal go mear freisin. Ní bheadh tuirse air t-ar-éis siubhal ó seo go Gaillimh agus arais arís.
Fear Léime:- Bhí fear in a chomhnuidhe i gClúan-Bár, Cill-Chonnla, Tuaim, timcheall le céad bhliadhain ó shoin. Bhí sé inonn léim(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mhuineacháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Barr, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Seán de Búirce
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Cluain Barr, Co. na Gaillimhe