School: Tobar Ruadh
- Location:
- Toberroe, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Cinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tobar Ruadh
- XML Page 0164
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá páirceanna suidhte inaice na h-áite seo agus tugtar rathanna agus liosanna orra. Tá páirc suithte i gCluain-Bárr, Cill-Chonnla, Tuaim. Timcheall le leath mhíle ó mo theach agus tugann na daoine an lios air. Tá go leór crainnte ag fás ins an bpáirce sin freisin agus níl aon teach níos goire na leath mhíle don pháirc.
Tá sgéal fé an lios seo. Fadó bhí clochar suidhte ins an áit sin agus bhí go leór mná riaghalta in a gcómhnaithe ionnta. Tar éis tamaill d'fhag síad an áit agus thuit ballaí an clochair. Cheap na daoine go raibh sidheóga ins an áit in a dhiadh sin agus bhí faitchios orra dul thar an lios sin ins an oidhche mar bhíodh lasracha agus rudaí ionghantacha le feiceál ann go mór mór ar a h-aon dhéag is a dó dhéag a chlog san oiche. Tá reilg ins an áit sin anoisagus cuireann na daoine páistí nár báistean ann mar cheapann síad gur áit dheas é le h-aghait reilg mar gheall ar an gclochar a bhí suithte ann fadó.- Collector
- Máire Ní Chómair
- Gender
- Female
- Address
- Cloonbar, Co. Galway
- Informant
- Pádhraic Ó Muinneachán
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Cloonbar, Co. Galway