School: Tobar Ruadh
- Location:
- Toberroe, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Cinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tobar Ruadh
- XML Page 0129
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt fhear in-a-chomhnaithe i gCluain-Barr céad bliadhan nó mar sin ó shoin. Bhí teach beag inaice le portach agus chualaidh siad go raibh carn óir i bhfolach ins an bportach sin. Chaith siad an in am ar fad ag tóruigheacht anóir agus sa deireadh ní raibh rud ar bith le n-ithe aca mar níor chuir siad aon bharraí chor ar bith ach ag cuimhneamh ar an t-ór gchómnaidhe.
Sa deireadh thosiagh siad ag goid pataí, agus cabáiste agus go leor rudaí ó na comharsanna le n-ithe. Chuaidh ceann de na (comharsan) comharsann go dtí na póilís mar bhí a iaraí beagnach imthighthe agus cuireadh an beirt ghadaithe faoi ghlas. Bhí brón mhór ar an mbeirt agus ceann aca ag rádh leis an duine eile: "tá seo níos measa ná ag tóruigheacht an óir a stór". Bhí an beirt beagnach marbh mar bhí faithíos orra go bhfuigheadh aon duine eile an t-ór an fhaid is bheadh an beirt aca i bpriosún.
Oíche amháin thosuigh ceann aca ag brionglóid agus cheap sé go raibh an t-ór aca agus go raibh siad sa mbaile arís. D'éirigh sé de gheir agus bhris sé an leabadh agus thosuigh sé ag sgcréachail. Tháinig gárdaí an phriosún isteach nuair a chuala sé an gleó agus bhí fearg(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chómair
- Gender
- Female
- Address
- Cloonbar, Co. Galway
- Informant
- Micheál Ó Chómair
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cloonbar, Co. Galway