School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0106
- XML “Iarsmaí agus Seanchlocha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá clocaí eile i mBárana freisin. Deirtear go bfuil duine curta faoi acht níl fios cé hé an duine sin mar níl aon sgriobh ar an cloc. Bíonn na sean daoine a rádh go bfuil go leor síoga a tabhairt aire dó agus go bfuil pota óir faoí. Tuairim is sgór bliadhain ó shoin cuaidh an sagart ar thóir an pota óir acht bhí faithcios ar an cloch a briseadh. Bhí sé a baint cré as na taobna dén cloc agus deirtear go bfúair sé caipín iaraninn acht go raibh sé briste agus cúpla rud eile déanta de iarainn freisin. Is feidir a rádh gur 'bé an tam a raibh an troidh i gCnoc na dTúaigh a gortuigheadh é agus fúair sé bás tamall gearr in a dhiaidh sin. Núair a bhí sé a fáil báis dúbhairt sé leis na daoine an méid airgead a bhí aige a chuir sa talamh leis. Tá an cloch ann fós agus deirtear go bfeiceann daoine go leór síoga ó am go ham. Rinne sé an poll a cuireadh ann é agus tá na daoine a rádh gur chuir sé pota óir sa bpoll núair a bhí sé dhá dhéanamh.(continues on next page)