Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)

Suíomh:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Múinteoir:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 169

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 169

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim na Rath
  2. XML Leathanach 169
  3. XML “Scéal Dhonnacaidh Uí Bhrógain - An Bhean Bhán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Char stad mé ar scor ar bith acht shiubhal me liom. Acht ma shiubhail féin, shiubhal an bhean fosta. Leim sí síos o'n mhéile ar an beallach mhór agus an darna bhomaite bhí sí ag mo thaobh. Shiubhail mé coisceim ar choisceim go dtáinic muid comh fada leis an cros-bheallach. Bhí sí ag caoineadh agus ag osnadh rith an ama agus shailfea go mbrisfeadh a croidhe le achan osna.
    Nuair a thainic muid go dtí an crois-bheallaigh agus nuair a thuintigh mé síos rinne sí iarraidh a theacht liom,
    "Ann Ainm Dé" arsa mise leithí, sin do bheallach." agus theisteint me duithe an bheallach chuig an teac mór.
    Sheas sí mar a bheadh stacan ann, acht thoisigh sí ag caoineadh níos measa no ariamh. Shiubhal me-féin liom comh gasta agus thiocfadh liom agus rith an ama. Bhí an t-allus fuar ag rith síos liom. Bhí me ábalta í a chloinsteal go rabh me ceathramhadh mhíle ar shiubhail, agus nuair a bhí mé ag dul thart an lubh déireanach san bheallach-mhór damharc me thart, agus bíd (?) an bhean bhán na seasamh ag an cros-beallach go deireadh mar d'fag mé í, agus guurbh e sin an amharc deireanach a bhí agam ar an mhnaoi bhán."

    Sin an sgéal a d'innis Donnacadh O' Bhrógain damh cupla bliadhain sul a bhfuair sé bás, agus dubhairt sé liom go rabh sé comh fíor agus go rabh an bas ag fanacht air.
    Chonnaic chuid miath dhaoine atá beo go fóil an bheán bán fosta, agus chonnaic bean í cupla bliadhain o shion.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Donnacadh Ó Brógain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 80